Ná bí i neamhaithne dom
A thaibhse na cathrach
A spioraid an chósta thoir.
Doirt im’ bhéal
Scaip im’ scámhóg
Sreabh im’ fhuil dhearg, dhorcha.
Deatach tiubh, aer tanaí
Líon suas mé.
Cuir uait gaoth salannach an aigéin chiúin.
Cuir uait teocht na gréine teolaí.
Cuir uait cruas an charraig is boige na gainnimhe.
Cruthaigh scannán neamhtréscaoilteach
Mórthimpeall ar chorp an tsaoil uirbigh.
By Ellen Nic Thomás